001606
) Print 001606
))) Item number 1606, dated 91/04/27 17:07:00 -- ALL
Date:         Sat, 27 Apr 91 17:07:00 GMT
Reply-To:     GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)

Sender:       GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
From:         Sean Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject:      Alt ón  Socialist Voice:B/as sa mhuir Meann

Seo alt le foclóir  ag deireadh

a togadh on Socialist Voice Vol1 Uimhir 2 19 4 91


Bás  Sa Mhuir Meann:
====================

FARRAIGE chontúirteach  duit is ea an Mhuir Meann más 
iascaire tú.   Ní  stoirmeacha ná  cúrasí   taoide
atá  i gceist anseo ach gur geall le clós  imeartha d'fhomhuireáin 
NATO atá  sa mhuir chéanna.Scéal   uafáis  é  seo,
scéal  faoi iascairí  agus mairnéalaigh  a báthadh  nuair
a bhuail fomhuireáin  a mbáid.   Agus is é  uafás  na
n-uafás  é  gur fágadh  iad le bás  a fháil  arís 
agus arís  eile. Taobh amuigh de na pobail iascaireachta ní 
thuigtear chomh minic agus a tarlaíonn  a leithéid. 

Meastar go bhfuair 100 duine ar a laghad bás  sa Mhuir Meann de
bharr timpistí  a raibh fomhuireáin  mar chúis  leo le 45
bliana anuas.B'in ceann de na rudaí  a bhí  le foghlaim ag cruinniú 
a d'eagraigh an Conradh Ceilteach i mBaile Átha  Cliath an tseachtain
seo caite.

Le naoi mbliana anuas tá  diantaighde déanta  ag an gConradh
Ceilteach faoin gceist seo agus tá  síormhonatóireacht  
á  déanamh  acu ar eachtraí  sa Mhuir Meann agus sa Mhuir
Cheilteach.

Déanann  an Conradh Ceilteach an obair seo le cúnamh  ó 
na cumainn náisiúnta   éagsúla   de CND, ó  Greenpeace
agus ón  Irishfishermen's Organisation.  Tá  liostú  cúramach 
de 150 eachtra ó  thús  1946 go dtí  an lá  atá  inniu
ann déanta  ag an gConradh Ceilteach. Tharla an chéad  eachtra
ar an liosta ar 10 Feabhra 1946 nuair a d'imigh an tráiléir  
Sasanach, Girl Lena, go tóin  poill tar éis  gur bhuail
an fomhuireán  HMS Saga é  i ndorchadas na hoíche. 

Le tamall beag de bhlianta tá  líon  na dtimpistí  seo tar
éis  dul i méid  go mór  (nó,  b'fhéidir  gurb é 
go bhfuil an mhonatóireacht  éitithe  níos  éifeachtaí!).  
Sa bhliain 1989 bhí  baint ag fomhuireáin  le 19 dtimpiste sna
farraigí  in aice le hÉirinn.   Fuair 17 nduine, Albanaigh a
bhformhór,  bás  sna timpistí  sin.

Bhí  an bhliain seo caite hegnach chamhh holc céanna.    Mar
shampla báthadh  ceathrar in aice le hArran na hAlban nuair a Bhuail
fomhuireán  núicleach,  an HMS Trenchant, an tráiélir  
Antares CN123.  Cheana féin  i mbliana bhí  ceithre
eachtra agf éirí   as gníomhaíochta   na bhfomhuireán. 

Bonn sé  mar pholasaí  daingean ag cabhlaigh Shasana agus na
Stát  Aontaithe nach dtagann a soithigh go barr i gcás  timpiste
(go fiú  is le daoine a tarrtháil).   Is gnáthnós   acu
é  a sheanadh go raibh fomhuireán  i gceist ar chor ar bith.  Mar
shampla, d'éirigh  an HMS Porpoise sáite  i líonrai 
an bháid  Éireannigh,  Sheralga, ar 18 Aibreán  1982
agus tarraingíodh  an bád  deich míle  sular briseadh é.   Tháinig 
an criú  slán  ach ar éigean  le cúnamh  ó  iascairí 
eile.  Shéan  Rialtas Londan gur fomhuireán  dá  gcuid a
bhí  i gceist go dtí  gur cruthaíodh   a mhalairt.  B'éigean 
dóibh  é  a admháil  sa deireadh nuair a cruthaíodh  gurb
amhlaidh a bhí  agus sé  bliana níos  déanaí   d'íoc 
siad cúiteamh  le húinéirí    an bháid. 




an Mhuir Meann, the Irish Sea;
fomhuireán,submarine; 
an Conradh Ceilteach, the Celtic League;
taighde, research;
monatóireacht,  monitoring;
eachtra, incident;
núicleach,  nuclear;
cabhlach, navy;
soitheach, vessel;
tarrtháil,  rescue.



Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge