An tréimhse roimh 1972
Sa bhliain 1953 a dearadh bratach Thuaisceart Éireann ach is meirge í d'armas a bhí in úsáid ag rialtas an Tuaiscirt ó 1925 i leith. Bunaíodh an t-armas úd ar armas chúige Uladh ach athraíodh an cúlra órga go dtí cúlra bán, dearadh arb ionann é agus Cros Sheoirse - bratach stairiúil Shasana. Léirítear lámh dhearg Uladh ar réalt sé phointe a sheasann do na sé chontae, agus is siombail í an choróin ríoga de stádas an réigiúin mar chuid den Ríocht Aontaithe.
Cuireadh deireadh le húsáid oifigiúil na brataí nuair a scoradh parlaimint Stormont sa bhliain 1972. Níor ghlac pobal náisiúnaíoch an Tuaiscirt leis an mbratach riamh ach tá sí fós in úsáid go forleathan ag na haontachtóirí ó thuaidh agus is minic a fheictear í le bratach na Breataine sa chúinneán.
An pobal aontachtach
Bratach eile a bhaineann leis an bpobal aontachtach amháin is ea bratach an Oird Oráistigh. Is gnáth an bhratach seo agus an Union Jack a iompar ar cheann mhórshiúlta na bhFear Buí. Deirtear go bhfuil dearadh na brataí bunaithe ar cheann a d'iompair reisimint d'arm Rí Uilliam ag cath na Bóinne (1690).
D'úsáid lucht tacaíochta Rí Uilliam an bhratach seo i rith léigear Dhoire (1688-9). Úsáideann Printísigh Dhoire í sa lá atá inniu ann.
Le blianta beaga anuas tá bratach nua in úsáid ag Gluaiseacht Neamhspleáchais Uladh (an UIM) ar féidir a rá faoi gur meascán de Chros Phádraig agus de Chros Aindriú na hAlban atá ann, móide suaitheantas i lár baill a tógadh ó shean-bhratach Thuaisceart Éireann. Tá an bhratach seo in úsáid anois ag mórán dílseoirí lasmuigh den UIM féin, ar grúpa an-bheag é i gcónaí. An pobal náisiúnaíoch
Úsáideann an pobal náisiúnaíoch i dTuaisceart Éireann na bratacha céanna a úsúidtear sa chuid eile d'Éirinn agus tá an Trídhathach, an Gal Gréine, an Camchéachta, agus earra na gcúigí go léir le feiceáil sa phictiúir thuas. |