Cé gurb í an Trídhathach an t-aon bhratach a bhfuil cead ag loingeas na hÉireann a úsáid ar an ngnáthbhealach, tá eisceacht amháin ón riail sin: tugtar cead do luaimh atá cláraithe le clubanna áirthe bratacha an chlub a úsáid de rogha ar an mbratach náisiúnta. Bíonn an leagan amach céanna ar na bratacha seo go léir, .i. bíonn an bhratach trí dhath sa chúinneán agus suaitheantas de chuid an chlub sa leathadh. Dath gorm a bhíonn ar an gcúlra go hiondúil ach bíonn eisceachtaí ann freisin, mar is léir ó na samplaí thíos:
|