[An Gal Gréine]
[Cliceáil ar an mbratach chun í a mhéadú.]

Ar chlé: An dearadh den Ghal Gréine is mó a fheictear anois.

An Gal Gréine san Fhiannaíocht

Tá bunús an Ghail Gréine le fáil san Fhiannaíocht - na dánta agus dréachtaí próis faoi Fhionn mac Cumhail agus na Fianna a cumadh idir an 14ú agus an 18ú céad. An 'Gal Gréine' nó an 'Scal Ghréine' a thugtar ar bhratach na bhFiann sna laoithe ach is cur síos fileata gan mionsonraí ar bith a fhaighimid sa litríocht:

"Nochtar Gal Gréine re crann,
Bratach Fhinn fá garg i dtreas,
Lomlán do chlochaibh don ór
Dar liom, fá mór a meas."
Is cosúil gur i lámhscríbhinn a bhreac an scríobhaí Cathal Ó Luinín sa bhliain 1731 atá an léaráid is luaithe den Ghal Gréine ar fáil: bratach gorm ar a bhfuil leathchiorcal órga as a dtagann trí gha dhéag a léirítear sa lámhscríbhinn.

An Gal Gréine agus na Fíníní

D'úsáid náisiúntóirí an Gal Gréine ón gcéad leath den 19ú céad amach, cé gur thábhachtaí go mór an Bhratach Uaine sa tréimhse chéanna. Shíl údar amháin sa bhliain 1843 go mbeadh an dá bhratach sin in úsáid nuair a bhainfí saoirse amach - ceann amháin ar muir agus an ceann eile ar tír:

"That the 'harp on the green' our land flag should be,
And the sun through clouds bursting, our flag at sea.
The green-borne harp o'er yon battery gleams,
From the frigate's topgallant the 'sunburst' streams."

Ar dheis: Gal Gréine den saghas bhíodh ag na Fíníní.

[An Gal Gréine, c.1865]
[Cliceáil ar an mbratach chun í a mhéadú.]

Na 'Fíníní' nó na 'Fenians' (ainmneacha a thagann ó 'Fianna') a tugadh go coitianta ar Bhráithreachas Poblachtach na hÉireann, gluaiseacht réabhlóideach a bunaíodh sa bhliain 1858. Mar a bheifí ag súil leis, bhain an ghluaiseacht nua úsáid as an nGal Gréine (in éineacht leis an mBratach Uaine). Cúlra uaine seachas gorm a bhí ar bhratacha na bhFíníní agus is minic a léiríodh an ghrian órga ag soilsiú trí scamaill bhána. Lean lucht an Bhráithreachais orthu ag obair go rúnda nuair a theip ar éirí amach na bliana 1867 ach is beag gá a bhí acu le bratacha ina dhiaidh sin.

An Gal Gréine sa 20ú aois

[An Gal Gréine, 1909]
[Cliceáil ar an mbratach chun í a mhéadú.]

Ar chlé: Gal Gréine de chuid Fhianna Éireann, 1909.

Nuair a bunaíodh óg-ghluaiseacht náisiúnaíoch darbh ainm 'Fianna Éireann' sa bhliain 1909, ba nádúrtha an cinneadh é úsáid a bhaint as an nGal Gréine in athuair. Bhí an dearadh a d'úsáid Fianna Éireann i dtús báire an-chosúil le líníocht na bliana 1731 ach d'athraigh an bhratach de réir a chéile go dtí an dearadh a fheictear anois.

Ar dheis: Múrmhaisiú Poblachtach san Iúr.

[Múrmhaisiú Poblachtach]

Bíonn an Gal Gréine in úsáid ag gluaiseacht na poblachta agus ag gluaiseacht na Gaeilge sa lá atá inniu ann, agus úsáideann an t-arm an Gal Gréine mar shiombal i gcónaí - féach bratach an choláiste mhíleata thíos.

[Bratach an choláiste mhíleata]

Ar chlé: Bratach an choláiste mhíleata.