[Cros Phádraig]
[Cliceáil ar an mbratach chun í a mhéadú.]

Ord Phádraig

Bhain parlaimint na hÉireann neamhspleáchas reachtaíochta amach i 1782 agus bliain ina dhiaidh sin bunaíodh ord ridireachta nua darbh ainm Ord Phádraig mar aitheantas ar an ardú céime a bhí tagtha ar stádas bunreachtúil na tíre. Úsáideadh fiarchros dhearg ar chúlra bán i suaitheantas an Oird agus tugadh 'Cros Phádraig' ar an dearadh seo ar ball. Seo í an tuairisc oifigiúil a chuir fear ionaid an rí, an Tiarna Temple, chun a chuid uachtarán i Londain in Eanáir na bliana 1783:

"And the said Badge shall be of Gold surrounded with a Wreath of Shamrock or Trefoil, within which shall be a Circle of Gold, containing the Motto of our said Order in Letters of Gold Viz. QUIS SEPARABIT? together with the date 1783, being the year in which our said Order was founded, and encircling the Cross of St Patrick Gules, surmonted with a Trefoil Vert each of its leaves charged with an Imperial Crown Or upon a field of Argent."   [Féach an léaráid ar chlé.]

[Suaitheantas Ord Phádraig, 1783]

Ní go réidh a ghlac pobal na hÉireann le húsáid seo na fiarchroise deirge. Bhí sé ina údar gearáin ag colúnaí nuachtáin áirithe i bhFeabhra na bliana 1783 go mbeadh 'the bloody Cross of St Andrew' á caitheamh ag ridirí Phádraig in ionad na croise a bhain le hard-éarlamh na hÉireann ó cheart. In alt eile, tuairiscíodh go raibh sé beartaithe Cros Aindriú na hAlban a chur isteach i suaitheantas Ord Phádraig agus thug an scríobhaí 'a manifest insult to common sense and to national propiety' ar an gcinneadh céanna.

Pádraig Naofa agus a chros

Ba nós seanbhunaithe é ag muintir na hÉireann crosa a chaitheamh ar Lá 'le Pádraig. Faoin dara leath den 18ú aois bhí an nós á chleachtadh ag na huaisle is airde freisin - agus ní in Éirinn amháin, mar is léir ó thuairisc a foilsíodh ar nuachtán i mBaile Átha Cliath i mí an Mhárta 1766:

"London 18th: Yesterday being St. Patrick's day, the Titular Saint of Ireland, the same was observed at court, when the nobility appeared in their collars, &c. and his Majesty and the Royal Family wore crosses in honour of the day."

Crosa díreacha a bhí in úsáid ag an bpobal áfach, ní fiarchrosa. Mhínigh litir oscailte chuig an Tiarna Temple a foilsíodh i bhFeabhra na bliana 1783 cén fáth gur ghoil an fhiarchros chomh mór sin ar dhaoine in Éirinn:

"The Cross generally used on St Patrick's day, by Irishmen, is the Cross-Patee, which is small in the centre, and so goes on widening to the ends, which are very broad; this is not recorded, as the Irish Cross, but has custom for time immemorial for its support, which is generally allowed as sufficient authority for any similar institution ... If the cross generally worn as the emblem of the Saint who is ascribed to Ireland, is not agreeable to your Excellency, sure many others are left to choose from, without throwing Ireland into so ignominious a point of view, as to adopt the one that Scotland has so long a claim to."

Bhí croix pattée ('cros lapach') an araltais luaite le Pádraig Naofa le fada. Chomh luath le 1460-1 eisíodh leath-fheoirling chopair a raibh portráid den naomh ar a haghaidh agus an chros lapach ar a cúl. Tá an dá léaráid sin thar a bheith neamhghnách ar airgead na hÉireann agus ní móide gur trí thimpist a cuireadh ar an mbonn céanna iad. Is cosúil gur bonn cuimhneacháin a bhí sa leath-fheoirling agus gur eisíodh í míle bliain go cothrom tar éis bhás an naoimh.

[Leath-fheoirling ó 1460-1]

Ar chlé: Leath-fheoirling Phádraig Naofa, 1460-1.

Mhair an ceangal idir Pádraig Naofa agus an chros lapach isteach san 18ú haois. B'shin a bhí le feiceáil ar shuaitheantas an Ancient and Most Benevolent Order of the Friendly Brothers of Saint Patrick - cumann comharthacaíochta a bhí ag lucht tráchtála Bhaile Átha Cliath. 'Cros Phádraig' a thug na Bráithre ar an gcros a bhí in úsáid acu nuair a chuireadar bunreacht agus rialacháin a n-oird i gcló sa bhliain 1763:

"the Ensigns of the ORDER, being a golden Medal, on which shall be impressed Saint Patrick's Cross, fixed in a Heart, over which is a Crown. The whole being set round with an emblematic Knot embellished with Trefoil, or Shamrogue Leaves, and this motto, FIDELIS, ET CONSTANS: implying Fidelity and Constancy in Religion, Loyalty, and Friendship."
Tá an mhír lárnach ón suaitheantas léirithe ar dheis thíos.

Ar dheis: Mionsonra ó shuaitheantas na Friendly Brothers of Saint Patrick, 1763.

[Friendly Brothers of Saint Patrick]

Cros Phádraig sa lá atá inniu ann

Tar éis Acht na hAontachta cuireadh fiarchros dhearg isteach i mbratach na Breataine Móire (bratach ar a raibh Cros Sheoirse Shasana agus Cros Aindriú na hAlban nasctha cheana féin) mar shiombal d'Éirinn, rud a chruthaigh Union Jack an lae inniu:


[Cliceáil ar an léaráid chun í a mhéadú.]

Cé go bhfuil an chuma ar an scéal nár úsáideadh Cros Phádraig mar bhratach roimh aimsir na hAontachta, úsáideadh é i réimse leathan bratach ó shin i leith. Ina measc siúd tá bratacha Choimisinéirí Shoilse na hÉireann, Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, Aontas Rugbaí na hÉireann, Ord na Máisiún agus Choláiste Ríoga na Máinlianna, maraon le sean-bhratacha na 'Léinte Gorma' agus Irish Shipping Ltd. Úsáidtear Cros Phádraig mar shiombal neodrach ar Lá 'le Pádraig i dTuaisceart Éireann agus tá sé le feiceáil i lár an tsuaitheantais nua a dearadh do Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann sa bhliain 2001.

[Bratach na Léinte Gorma]
[Cliceáil ar an mbratach chun í a mhéadú.]

Ar chlé: Bratach na Léinte Gorma.

Ar dheis: Mórshiúil de chuid na Léinte Gorma i gCarraig na Siúire, 1933.

[Cros Phádraig á hiompar ag na Léinte Gorma]

[Ord na Máisiún in Éirinn]

Ar chlé: Bratach Ord na Máisiún in Éirinn.

Ar dheis: Bratach Choláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn.

[Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn]

[Coimisinéirí Shoilse na hÉireann ]

Ar chlé: Bratach Choimisinéirí Shoilse na hÉireann.

Ar dheis: Aontachtóirí i nDoire agus Cros Phádraig á taispeáint acu.

[Cros Phádraig in úsáid ag Aontachtóirí]

[Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann]
[Cliceáil ar an mbratach chun í a mhéadú.]

Ar chlé: bratach Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann a crochadh don chéad uair an 5 Aibreán 2002.