An Camchéachta agus an tArm Cathardha

Sa bhliain 1913 d'ionsaigh na póilíní stailceoirí a bhí ag léirsiú i mBaile Átha Cliath agus mharaíodar beirt. Chinn ceannairí na gceardchumann ar eagraíocht pharamhíleata - 'Arm Cathardha na hÉireann' nó an 'Irish Citizen Army' - a bhunú chun na hoibrithe a chosaint. Cé nach raibh acu i dtús báire ach bataí, ba ghearr go bhfuair an tArm Cathardha gunnaí agus armlón.

[An Camchéachta, 1914]
[Cliceáil ar an mbratach chun í a mhéadú.]

Thuas: An Camchéachta mar a dearadh é sa bhliain 1914 (ar chlé) agus an dealbh de Shéamas Ó Conghaile atá os comhair Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath (ar dheis).

Roghnaíodh an Camchéachta mar bhratach an airm sa bhliain 1914: is do shaol láithreach agus do thodhchaí na n-oibrithe a sheasann an céachta agus na réalta faoi seach. Throid an tArm Cathardha in éirí amach na bliana 1916 agus ghabh arm na Breataine a bhratach. Tugadh ar ais d'Éirinn í sa bhliain 1966 agus tá sí anois ar caomhnú in Ard-Mhúsaem na hÉireann.

An Camchéachta agus gluaiseacht an lucht oibre

[An Camchéachta, 1934-]
[Cliceáil ar an mbratach chun í a mhéadú.]

Ar chlé: Camchéachta an lae inniu.

Dearadh leagan níos simplí den Chamchéachta le haghaidh an cheardchumainn is mó in Éirinn - Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann ('SIPTU' an lae inniu) - sa bhliain 1934 agus níorbh fhada gur aithníodh é mar bhratach na gceardchumann agus an Lucht Oibre i gcoitinne.

Ar dheis: Tá Camchéachta na bliana 1914 agus Camchéachta an lae inniu le feiceáil ar bhrat cheardchumann na n-oibrithe poist (sa chúinne uachtair ar chlé agus sa chúinne íochtair ar dheis faoi seach).

[Brat ceardchumainn]